Maidir le Léachtaí Uí Chadhain

Cailleadh Máirtín Ó Cadhain (1906–1970), mórscríbhneoir an nuaphróis sa Ghaeilge, leathchéad bliain ó shin. Deich mbliana i ndiaidh a bháis, i 1980, cuireadh tús le sraith léachtaí bliantúla in ómós dó sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, sraith atá faoi lánseol i gcónaí. Dírithe ar phobal na Gaeilge trí chéile a bhí Léachtaí Uí Chadhain ón gcéad lá, bíodh nach beag an chomaoin atá curtha ag an tsraith ar léann na Gaeilge ó shin. Dhá thrá a bhí le freastal ó thús: athléamha a sholáthar ar shaol agus ar shaothar an Chadhnaigh agus athmhachnamh a dhéanamh ar na mórcheisteanna cultúrtha, sóisialta agus polaitiúla a bhí ag déanamh scime dó ar feadh a shaoil. An tOllamh Breandán Ó Buachalla a thionscnaigh Léachtaí Uí Chadhain. Aithnítear chomh maith an lámh chalma a bhí ag Kathleen Clune, Riarthóir na Nua-Ghaeilge, ar an imeacht ón gcéad lá go dtí léacht na bliana 2012.

Eoghan Ó hAnluain, Máirtín Ó Cadhain, Liam Tóibín agus Breandán Ó Buachalla

I mí na Samhna 2020, foilsíodh mórchnuasach de na léachtaí ar fad a tugadh go dtí seo sa tsraith sa leabhar Léachtaí Uí Chadhain. Companánach leis an leabhar is ea an micreashuíomh seo, áit a gcruinnítear ábhair bhreise ilmheán a bhaineann leis na Léachtaí. Togra é seo de chuid Cló Léann na Gaeilge, i bpáirt le Scoil na Gaeilge, an Léinn Cheiltigh agus an Bhéaloidis, An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath.

Máirtín Ó Cadhain

Bhí Máirtín Ó Cadhain (1906–1970) ar dhuine de mhórscríbhneoirí na hÉireann san fhichiú haois. Aithnítear a úrscéal Cré na Cille mar churadhmhír nuaphrós na Gaeilge agus ba é ba mhó a chuir le scóip agus le hacmhainní an ghearrscéil sa teanga. Chomh maith lena chuid scríbhinní liteartha is liosta le háireamh na hailt, na léachtaí, na paimfléid agus na haistriúcháin atá againn óna pheann. Ba ealaíontóir agus agóidí in aon é, ollamh ollscoile agus fear cúise a bhí chomh fórsúil, feanntach céanna mar smaointeoir ar chúrsaí polaitíochta, sóisialta agus cultúrtha agus a bhí sé mar fhear gnímh os comhair an phobail. Is féidir breis eolais a aimsiú ar an gCadhnach ó Iontaobhas Uí Chadhain.

Portráid den Chadhnach a tharraing Seán O’Sullivan i mí na Samhna 1951. Le caoinchead Theaghlach Uí Éigeartaigh.

Scoil na Gaeilge, an Léinn Cheiltigh agus an Bhéaloidis, UCD

Is Scoil bhríomhar idirdhisciplíneach í Scoil na Gaeilge, an Léinn Cheiltigh agus an Bhéaloidis le béim ar leith ar chultúr agus ar thraidisiún na Gaeilge, na hÉireann agus na Ceiltise. Cuirtear béim ar leith ar an Ghaeilge, agus ar litríocht agus ar shochaí na hÉireann i gcomhthéacs náisiúnta agus idirnáisiúnta. Is iad na hábhair atá ar fáil ná an Ghaeilge, Léann na hÉireann, an Béaloideas, an tSibhialtacht Cheilteach, na teangacha Ceilteacha san áireamh le fócas ar leith ar an tSean-Ghaeilge.

Cló Léann na Gaeilge

Inphrionta acadúil is ea Cló Léann na Gaeilge (CLÓ) a fhoilsíonn saothair Ghaeilge ar an gcaighdeán idirnáisiúnta is airde. Foilsíonn CLÓ taighde piarmheasta ó gach réimse de léann na Gaeilge, trí mheáin chlóite agus leictreonacha éagsúla, le bonn agus taca a chur faoi thaighde agus scoláireacht na Gaeilge. Togra tras-institiúideach Ollscoile is ea CLÓ i bpáirt leis an teach foilsitheoireachta COMHAR. Is é Léachtaí Uí Chadhain an chéad leabhar sa tsraith ‘Aistí Léannta’ de chuid an inphrionta.

Buíochas

Tá CLÓ faoi chomaoin na n-institúidí páirtnéireachta go léir—12 acu—agus an bhaint atá acu le saothar leanúnach CLÓ. Anuas air sin, ba mhaith le CLÓ buíochas a ghabháil le Clár na Leabhar Gaeilge (Foras na Gaeilge) as an tacaíocht atá tugtha don fhiontar seo ón tús. Gabhann an foilsitheoir buíochas faoi leith le foireann Scoil na Gaeilge, an Léinn Cheiltigh agus an Bhéaloidis, UCD a d’oibrigh go dúthrachtach ar an tionscnamh seo ó 2017 ar aghaidh i dteannta eagarthóirí an leabhair: An tOllamh Regina Uí Chollatáin, Cathaoir na Nua-Ghaeilge; An Dr Kelly Fitzgerald, Ceann Scoile, An tOllamh Meidhbhín Ní Úrdail, Ceann na Nua-Ghaeilge; Bairbre Ní Chonchúir, Riarthóir na Nua-Ghaeilge agus go háirithe le hEoin McEvoy, Teicneolaí Oideachais, a chóirigh na taifeadtaí fuaime ar an suíomh seo. Is é Ronan Doherty, comhairleoir teicniúil agus deartha CLÓ, a réitigh an suíomh seo chun foilsithe.