An leabhar Léachtaí Uí Chadhain

An leabhar Léachtaí Uí Chadhain

Cailleadh Máirtín Ó Cadhain (1906–1970), mórscríbhneoir an nuaphróis sa Ghaeilge, leathchéad bliain ó shin. Deich mbliana i ndiaidh a bháis, i 1980, cuireadh tús le sraith léachtaí bliantúla in ómós dó sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, sraith atá faoi lánseol i gcónaí. Dírithe ar phobal na Gaeilge trí chéile a bhí Léachtaí Uí Chadhain ón gcéad lá, bíodh nach beag an chomaoin atá curtha ag an tsraith ar léann na Gaeilge ó shin. Dhá thrá a bhí le freastal ó thús: athléamha a sholáthar ar shaol agus ar shaothar an Chadhnaigh agus athmhachnamh a dhéanamh ar na mórcheisteanna cultúrtha, sóisialta agus polaitiúla a bhí ag déanamh scime dó ar feadh a shaoil. Sa mhórchnuasach seo de na léachtaí ar fad a tugadh go dtí seo aimseofar an flosc agus an faobhar, an cur agus an cúiteamh, an saibhreas agus an ghaois agus, go háirithe, an ilchineálacht chéadach chéanna ba dhual do scríbhinní Uí Chadhain féin riamh.

Seo é an chéad leabhar sa tsraith ‘Aistí Léannta’ de chuid an inphrionta, Cló Léann na Gaeilge. Is féidir an leabhar seo a ordú ó shuíomh CLÓ nó clo@comhar.ie. Ní mór aitheantas a thabhairt do scothobair na rannpháirtithe éagsúla sa togra seo, rud atá ar fáil mar chuid den réamhrá leis an leabhar.

Ordaigh

Eagarthóirí

Liam Mac Amhlaigh

Scoláire nualitríochta agus foclóireachta is ea Liam Mac Amhlaigh atá ina léachtóir le Gaeilge in Ollscoil Mhá Nuad. Dochtúireacht bainte amach aige ar fhoclóireacht na Nua-Ghaeilge sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, agus an leabhar Foclóirí agus Foclóirithe na Gaeilge (Cois Life, 2008) scríofa aige. É ag plé leis an nua-aoiseachas i nuafhilíocht na Gaeilge faoi láthair, filíocht Mhichael Davitt go háirithe.

Liam Mac Amhlaigh

Caoimhín Mac Giolla Léith

Is Ollamh Comhlach é Caoimhín Mac Giolla Léith i Scoil na Gaeilge, an Léinn Cheiltigh agus an Bhéaloidis sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath. Tá mórán foilsithe aige thar na blianta ar ghnéithe éagsúla de litríocht na Gaeilge agus ar an ealaín chomhaimseartha.

Caoimhín Mac Giolla Léith