![Léachtaí Uí Chadhain (CLÓ, Mac Amhlaigh & Mac Giolla Léith eag., 2020)](https://cloleann.imgix.net/leachtaiuichadhain%2F2021.01.04_LUC_Cludach.jpg)
Léachtaí Uí Chadhain
Sa bhliain 1980, cuireadh tús le sraith léachtaí bliantúla in ómós don mhórscríbhneoir Máirtín Ó Cadhain (1906–1970) sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, sraith atá faoi lánseol i gcónaí. D’fhoilsigh Cló Léann na Gaeilge na léachtaí ar fad a tugadh ó 1980–2017 sa leabhar Léachtaí Uí Chadhain (Mac Amhlaigh & Mac Giolla Léith eag., 2020).
Compánach leis an leabhar is ea an micreashuíomh seo, áit a gcruinnítear ábhar breise ilmheán a bhaineann le Léachtaí Uí Chadhain, taifeadtaí na gcainteanna ina measc.